Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs

Córas Faisnéise Schengen

Is é Córas Faisnéise Schengen (CFS) an córas comhroinnte faisnéise is mó, agus is mó úsáid, le haghaidh na slándála agus bainistiú teorainneacha san Eoraip. Ós rud é nach bhfuil aon teorainneacha inmheánacha idir tíortha Schengen san Eoraip, tá CFS ann in ionad rialuithe teorann agus is é an uirlis chomhair is rathúla é d’údaráis teorann, údaráis inimirce, póilíní, údaráis custaim agus breithiúnacha san Aontas agus i dtíortha atá comhlachaithe le Schengen.

Tá na húdaráis inniúla náisiúnta, amhail na póilíní agus na gardaí teorann, in ann foláirimh faoi dhaoine agus faoi ábhair a iontráil agus a cheadú in aon bhunachar sonraí coiteann amháin. Is féidir na daoine agus na hábhair sin a bheith suite áit ar bith laistigh den Aontas agus i limistéar Schengen le linn seiceálacha teorann, seiceálacha póilíneachta nó seiceálacha dleathacha eile.

Tá an córas ag cuidiú leis an Eoraip ó 1995 i leith chun a slándáil a chaomhnú in éagmais seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha.

In 2013 cuireadh an dara glúin de CFS (CFS II) i bhfeidhm agus feidhmiúlachtaí breise ann, amhail an fhéidearthacht méarloirg agus grianghraif a chur le foláirimh.

I mí an Mhárta 2023 rinneadh CFS a athchóiriú le foláirimh nua, le sonraí uasghrádaithe agus le feidhmiúlachtaí feabhsaithe.   

Schengen Information System

Féach leat an dóigh a malartaíonn na Ballstáit faisnéis faoi dhaoine agus faoi ábhair trí SIS agus an dóigh ar forbraíodh an córas i gcaitheamh na mblianta.

Success stories

Scéalta maidir le comhar rathúil idir na húdaráis náisiúnta mar thoradh ar an gcomhroinnt faisnéise trí CFS.

Access rights and data protection

Tá ceanglais dhiana in CFS maidir le cáilíocht sonraí agus cosaint sonraí. Ní bhíonn rochtain ar CFS ach ag úsáideoirí údaraithe sna húdaráis inniúla, amhail údaráis náisiúnta rialaithe teorann, póilíní nó lucht custaim.

SIRENE cooperation

Is iad Biúrónna SIRENE na moil a chomhordaíonn an malartú faisnéise maidir le foláirimh CFS ina dtír féin nó ina n-eagraíocht féin. Tá Biúró náisiúnta SIRENE curtha ar bun ag gach tír a úsáideann CFS.