Seasann SIRENE do ‘Supplementary Information Request at the National Entries’ i mBéarla [‘iarraidh ar fhaisnéis fhorlíontach ag na bealaí isteach náisiúnta’].
Gach tír ina n-úsáidtear CFS, tá Biúró náisiúnta SIRENE curtha ar bun aici, rud a bhíonn ag feidhmiú 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain, agus is é atá freagrach as faisnéis a mhalartú agus as gníomhaíochtaí a bhaineann le foláirimh CFS a chomhordú. Tá Biúró SIRENE curtha ar bun ag Europol freisin.
Tá comhar éifeachtúil SIRENE ríthábhachtach chun go bhfeidhmeoidh CFS go héifeachtúil. Féadfar comhar idir tíortha, agus idir tíortha agus Europol, a dhéanamh ‘aon le haon’ nó ‘aon le mórán’ agus is gá é a nascadh le foláireamh sonrach CFS. Chun a chinntiú go ndéanfar bearta leantacha ar chásanna ar bhealach pras, rúnda agus éifeachtúil, déantar cumarsáid trí fhoirmeacha caighdeánaithe trí líonra slán.
Ar na cúraimí atá ar Bhiúrónna náisiúnta SIRENE, tá:
- faisnéis fhorlíontach a sholáthar maidir le foláirimh
- bailíochtú a dhéanamh ar fholáirimh maidir le daoine ar a bhfuiltear sa tóir lena ngabháil
- teagmháil a dhéanamh leis an tír a d’eisigh an foláireamh nuair a dhéantar meaitseáil agus nuair a dhéantar an beart is gá
- teagmháil a dhéanamh leis an tír a d’eisigh an foláireamh nuair nach féidir an beart is gá a dhéanamh
- maoirseacht a dhéanamh ar cháilíocht sonraí agus ar chomhoiriúnacht foláireamh
- gníomhaíochtaí trasteorann a bhaineann le foláirimh CFS a chomhordú
- iarrataí ar rochtain ar shonraí pearsanta a láimhseáil
Foilsítear liosta na mBiúrónna náisiúnta SIRENE in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.