Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs

Cearta rochtana agus cosaint sonraí

Cén dóigh a gcosnaítear sonraí pearsanta?

Tá ceanglais dhiana in CFS maidir le cáilíocht sonraí agus cosaint sonraí. Is é an bunphrionsabal gurb í an tír a d’iontráil an foláireamh atá freagrach as a bhfuil san fholáireamh. Is faoin tír sin a bhíonn sé deimhin a dhéanamh de go mbíonn na sonraí cruinn, go ndéantar iad a nuashonrú, agus go ndéantar iad a iontráil agus a stóráil go dleathach.

Is iad na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm na rialacha cosanta sonraí ina dtír féin, agus is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a dhéanann monatóireacht ar an dóigh a gcuirtear na rialacha cosanta sonraí i bhfeidhm sa chóras lárnach atá á bhainistiú ag eu-LISA. Oibríonn an dá leibhéal le chéile chun maoirseacht chomhordaithe ó cheann go ceann a chinntiú.

Má stóráiltear sonraí faoi dhuine, tá sé de cheart ag an duine sin rochtain ar na sonraí a iarraidh. Trí rochtain a fháil ar na sonraí, is féidir leis an duine a chinntiú go bhfuil gach rud atá stóráilte faoi cruinn agus iontráilte go dleathach. Murab amhlaidh an cás, tá sé de cheart ag an duine ceartú nó scriosadh a iarraidh.

Cad is féidir liom a dhéanamh má fheictear dom go bhfuil duine atá cláraithe in CFS ag baint mí-úsáid as mo chéannacht?

Uaireanta úsáidtear doiciméid aitheantais bhréagacha nó doiciméid aitheantais ar le duine eile iad nuair a dhéantar cionta coiriúla nó nuair a dhéantar iarracht teacht isteach i Limistéar Schengen nó fanacht ann. D’fhéadfadh fadhbanna a bheith ag sealbhóir dlisteanach na céannachta mar thoradh air sin. Má shíleann tú gur tharla sé sin duitse, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do phointe teagmhála náisiúnta agus é sin a chur in iúl dóibh. Gníomhaíocht amháin is féidir leo a dhéanamh chun an tionchar ortsa a laghdú ná cuid de na sonraí seo a leanas, nó iad go léir, a chur le foláireamh in CFS (má thoilíonn tú leis):

  • sloinnte
  • céadainmneacha
  • ainmneacha tráth breithe
  • ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailiasanna a d'fhéadfadh a bheith iontráilte ar leithligh óna chéile
  • aon saintréith fhisiceach oibiachtúil nach féidir a athrú
  • áit bhreithe
  • dáta breithe
  • inscne
  • grianghraif agus íomhánna den aghaidh
  • méarloirg, loirg dhearnana nó an dá cheann
  • náisiúntacht, agus aon náisiúntachtaí eile más ann dóibh
  • catagóir do dhoiciméad aitheantais
  • tír eisiúna do dhoiciméad aitheantais
  • uimhir/uimhreacha do dhoiciméad aitheantais
  • dáta eisiúna do dhoiciméad aitheantais
  • do sheoladh
  • ainm d’athar
  • ainm do mháthar

Ní cheadaítear é sin ach amháin má thoilíonn tú go sainráite leis. Na sonraí atá nasctha leis an gcéannacht as a bhfuil mí-úsáid á baint, níl rochtain orthu ach ag na húdaráis sin a bhfuil sé de cheart acu rochtain a fháil ar an bhfoláireamh a eisíodh maidir leis an duine atá ag baint mí-úsáid as do chéannacht, agus ní féidir na sonraí a úsáid ach amháin chun sainaithint mhícheart a sheachaint. Ní mór an foláireamh lena ngabhann do shonraí a bhaint ag an am céanna leis an bhfoláireamh maidir leis an duine sin atá ag baint mí-úsáid as do chéannacht, nó níos luaithe ná sin má iarrann tú amhlaidh.

Cad iad na cearta atá ag daoine maidir lena sonraí atá á stóráil in CFS?

Má chreideann duine gur mí-úsáideadh a sonraí pearsanta nó gur gá iad a cheartú nó a scriosadh, féadfaidh an duine leas a bhaint as na cearta cosanta sonraí a aithnítear i reachtaíocht CFS. Seo a leanas na cearta sin:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá á stóráil in CFS
  • an ceart chun sonraí pearsanta míchruinne a cheartú nó sonraí pearsanta atá á stóráil go neamhdhleathach a scriosadh
  • an ceart chun imeachtaí a thabhairt os comhair na gcúirteanna nó na n-údarás inniúil chun sonraí a cheartú nó a scriosadh nó chun cúiteamh a fháil i leith damáistí de dheasca sáruithe ar an dlí cosanta sonraí.

Le reachtaíocht CFS, bíonn an ceart ag duine caingean a thionscnamh os comhair an údaráis inniúil, agus cúirt san áireamh, faoi rialacha náisiúnta chun faisnéis a fháil, a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, nó chun cúiteamh a fháil (má bhaineann damáistí don duine) i dtaca le foláireamh a bhaineann leis/léi.

Na tíortha ina bhfuil CFS in úsáid, tá siad tar éis comhaontú go frithpháirteach cinntí críochnaitheacha a chur i bhfeidhm arna ndéanamh ag na cúirteanna nó ag na húdaráis. Ciallaíonn an comhaontú sin gur cheart cinneadh arna dhéanamh ag cúirt nó ag údarás inniúil i dtír amháin a aithint agus a chur i bhfeidhm i ngach tír ina bhfuil CFS in úsáid.

Is féidir na cearta sin a fheidhmiú in aon tír ina bhfuil CFS in úsáid. Tá na nósanna imeachta náisiúnta agus na pointí teagmhála le haghaidh iarrataí ar rochtain curtha le chéile i dtreoir chuimsitheach.