Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs
4 Meitheamh 2024

Comhaid reachtacha i mbeagán focal

An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

An Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce

Cuirtear an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce (RBTI) in ionad ‘Rialachán Bhaile Átha Cliath III’ atá ann faoi láthair agus:

  • Feabhsaíonn sé an córas lena gcinntear cén Ballstát atá freagrach as iarratais ar thearmann trína dhéanamh níos éifeachtúla agus níos cobhsaí, agus trí ghluaiseachtaí tánaisteacha a chosc.
  • Bunaíonn sé córas dlúthpháirtíochta do na Ballstáit a bhfuil brú imirce orthu ar córas éigeantach é ach ar córas solúbtha é.

An Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn (lena n-áirítear an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Teorann um Fhilleadh)

Leis an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn bunaítear nós imeachta atá coiteann, cothrom agus éifeachtúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar thearmann agus, ag an am céanna, teorainn a chur le mí-úsáid agus deireadh a chur le dreasachtaí le haghaidh gluaiseachtaí tánaisteacha ar fud an Aontais. In éineacht leis an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Teorann um Fhilleadh, bunaítear nós imeachta teorann éigeantach freisin i gcás an phróisis tearmainn agus an phróisis um fhilleadh araon ag an teorainn sheachtrach. Tá an chuid den nós imeachta teorann a bhaineann le filleadh leagtha amach i Rialachán ar leith ar chúiseanna dlíthiúla chun a léiriú go gcuireann na rialacha maidir le filleadh ar leibhéal an Aontais le rialacha Schengen.

An Rialachán maidir le Géarchéim agus Force Majeure

Leis an Rialachán maidir le Géarchéim agus Force Majeure, tugtar aghaidh ar staideanna géarchéime, lena n-áirítear ionstraimiú, agus ar force majeure, agus déantar foráil maidir le maoluithe agus bearta dlúthpháirtíochta do na Ballstáit.

Rialachán Eurodac

Leis an athmhúnlú ar Rialachán Eurodac, déanfar bunachar sonraí Eurodac atá ann cheana a iompú ó bhunachar sonraí tearmainn go bunachar sonraí lánfheidhme maidir le tearmann agus imirce. Tacóidh an bunachar sonraí nua leis an gcóras tearmainn agus cuideoidh sé leis an imirce neamhrialta a bhainistiú, chomh maith le tacú le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le hAthlonnú agus na Treorach um Chosaint Shealadach. Comhtháthófar an bunachar sonraí isteach sa chreat idir-inoibritheachta chun é a cheangal go rianúil le bunachair shonraí eile de chuid an Aontais.

Rialachán maidir le Scagadh

Leis an Rialachán nua maidir le Scagadh, cuirtear rialacha aonfhoirmeacha ar bun lena n-áirithítear seiceálacha agus clárú cuí imirceach neamhrialta agus iarrthóirí tearmainn a thagann isteach san Aontas mar aon le nasc rianúil le nósanna imeachta um fhilleadh nó nósanna imeachta tearmainn.

An Rialachán maidir le hIncháilitheacht

Glacann an Rialachán maidir le hIncháilitheacht ionad na Treorach maidir le hIncháilitheacht. Ionchorpraíonn sé Coinbhinsiún na Ginéive isteach i ndlí an Aontais agus is é is aidhm dó a áirithiú go gcuireann na Ballstáit critéir choiteanna i bhfeidhm chun daoine a cháiliú mar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta. Sainítear ann freisin inneachar na gceart agus na n-oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta atá ag tairbhithe cosanta idirnáisiúnta.

An Treoir maidir le Coinníollacha Glactha

Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Coinníollacha Glactha, déanfar foráil maidir le caighdeáin íosta cúnaimh d’iarratasóirí ar thearmann ó na Ballstáit, ar caighdeáin iad lena n-áiritheofar caighdeáin leordhóthanacha mhaireachtála dóibh siúd a thagann chuig an Aontas agus a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu.

Creat Athlonnaithe an Aontais

Leis an Rialachán maidir le Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil (Creat an Aontais), cuirtear feabhas ar bhealaí sábháilte dleathacha chuig an Aontas do dhaoine a bhfuil gá acu le cosaint, agus rannchuidíonn sé le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a neartú le tíortha neamh-AE a bhfuil pobail mhóra dídeanaithe á n-óstáil acu.