Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs
Alt nuachta22 Samhain 2022Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí BaileAm léitheoireachta: 3 nóiméad

An dóigh ar chuidigh tuairisc ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí chun 140 leanbh a tharrtháil

How a child sexual abuse report helped rescue 140 children

Mar thoradh ar thuarascáil ó sholáthraí seirbhíse ar líne le déanaí, gabhadh 46 chreachadóir leanaí sa Nua-Shéalainn agus sainaithníodh os cionn 100 amhrastach ar fud an Aontais. Mar thoradh air sin, sábháladh níos mó ná 140 leanbh ar fud an domhain ó mhí-úsáid ghnéasach. Léiríonn an cás seo an dóigh ar féidir le tuarascáil amháin difear a dhéanamh agus na céadta leanaí a shábháil ó mhí-úsáid ghnéasach. Is minic gurb iad na tuarascálacha den sórt sin an t-aon léargas atá le fáil ar chás mí-úsáide, rud a d’fhéadfadh a bheith deacair a thabhairt faoi deara fiú amháin do na daoine is gaire don leanbh.

In 2019 thuairiscigh an soláthraí seirbhíse ar líne go raibh líon mór daoine ag baint úsáid as a ardán chun grianghraif dhochracha a mhalartú, grianghraif ina raibh gníomhartha sádacha mí-úsáide gnéasaí naíonán agus leanaí le feiceáil ina measc. I ndiaidh na tuarascála sin seoladh imscrúdú idirnáisiúnta faoi stiúir Roinn Gnóthaí Baile na Nua-Shéalainne. Thacaigh Europol, Interpol agus údaráis forfheidhmithe dlí ón Astráil, ó Cheanada, ón gCróit, ón nGréig, ón Ostair, ón Ríocht Aontaithe, ón tSeicia, ón tSlóivéin, ón Spáinn, ó na Stáit Aontaithe agus ón Ungáir leis an imscrúdú.

Mar thoradh air sin, thángthas ar 32 GB d’ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí. Osclaíodh níos mó ná 830 cás ar fud an domhain mar gheall ar an imscrúdú. Bhí cúpla cás thar a bheith dochrach go háirithe; fuarthas amach go raibh mí-úsáid á déanamh ag beirt amhrastach ón Ostair agus ón Ungáir ar a leanaí féin, leanaí a bhí sé bliana d’aois agus ocht mbliana d’aois faoi seach. Tá an bheirt leanaí anois in áit shábháilte. Fuarthas amach go raibh ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ag amhrastach eile ón Spáinn agus go raibh an duine sin ag comhroinnt an ábhair. Chomh maith leis sin, fuarthas amach go raibh sé ag scannánú físeáin ghnéasacha de dhaoine fásta agus físeáin de dhaoine fásta nochta gan a dtoiliú. Tá líon mór imscrúduithe fós ar siúl ar fud an Aontais.

Rialacha nua an Aontais i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí

Ar an drochuair, in ainneoin na heiseamláire spreagúla sin, ní chuireann gach soláthraí seirbhíse ar líne tuarascálacha den sórt sin isteach. I mí na Bealtaine 2022, mhol an Coimisiún Eorpach dlí lena mbeadh sé éigeantach do chuideachtaí teicneolaíochta mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a bhrath ar a n-ardáin. Ina measc sin tá cásanna grúmaeireachta – cleachtas lena bhforbraíonn creachadóirí caidreamh le leanaí ionas go mbeidh siad in ann iad a ionramháil agus a dhúshaothrú agus mí-úsáid a dhéanamh orthu.

Is é sprioc an Aontais an dlí sin a chur i bhfeidhm faoi mhí Lúnasa 2024. Mura rithfear an dlí faoin am sin rachaidh rialachán an Aontais atá ann faoi láthair in éag, rud a fhágfaidh gur fusa a bheidh sé do chreachadóirí mí-úsáid ghnéasach a dhéanamh ar leanaí gan iarmhairtí.

Tuilleadh eolais faoi phleananna an Aontais chun stop a chur le mí-úsáid ghnéasach leanaí.

Sonraí

Dáta foilsithe
22 Samhain 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile