Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs
Alt nuachta1 Nollaig 2022Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí BaileAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Tá córais braite mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne iontaofa agus sábhálann siad beatha daoine

Find out how we can keep our children safe from sexual abuse

I mí na Bealtaine 2022, mhol an Coimisiún Eorpach dlí lena mbeadh sé éigeantach do sholáthraithe seirbhíse measúnú a dhéanamh ar an mbaol go ndéanfaí mí-úsáid ghnéasach ar leanaí trína n-ardáin agus, i gcás inar gá, bearta coisctheacha a chur chun feidhme. I gcás nach féidir riosca suntasach a laghdú le cosc, d’fhéadfaí a ordú do sholáthraithe seiceálacha spriocdhírithe a dhéanamh maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar a gcuid táirgí agus seirbhísí, agus cásanna a thuairisciú do lárionad tiomnaithe nua de chuid an Aontais Eorpaigh. In go leor cásanna, is iad na soláthraithe amháin atá ábalta an mhí-úsáid a bhrath, toisc go bhfuil an leanbh ró-óg nó ró-imníoch é a thuairisciú, agus nach bhfuil a dtuismitheoirí nó a gcúramóirí ar an eolas, sin nó gurb iad féin na mí-úsáideoirí. Nuair a bhraitear mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne, cuidíonn sé leis na póilíní íospartaigh a shainaithint agus a tharrtháil, deimhin a dhéanamh de go mbaintear íomhánna agus físeáin den mí-úsáid anuas go tapa, agus creachadóirí gnéasacha a thabhairt os comhair na cúirte. I mbeagán focal, cuideoidh an dlí sin chun leanaí a chosaint, chun tacú le híospartaigh, agus chun beatha daoine a shábháil.

Ní leor na dlíthe atá ann faoi láthair

Tá an dlí sin ríthábhachtach chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac toisc nach córas éifeachtach é an córas deonach reatha um chosc, brath agus tuairisciú atá curtha chun feidhme ag roinnt soláthraithe seirbhíse ar líne. Déanann roinnt cuideachtaí gníomhaíocht chuimsitheach, ach is beag gníomhaíocht a dhéanann an chuid is mó díobh, sin nó ní dhéanann siad aon ghníomhaíocht ar chor ar bith. Fágann na bearnaí sin sa ghníomhaíocht go bhfuil spásanna oscailte ann do mhí-úsáideoirí agus do rioscaí do leanaí, agus go leantar den mhí-úsáid gan í a bhrath. Faoi láthair, is féidir le cuideachtaí cinneadh a dhéanamh a mbeartais a athrú ag am ar bith, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar leanaí.

An dóigh a mbraitear mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne

Tá an teicneolaíocht lena mbraitear mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne á húsáid ar fud an domhain le breis agus 10 mbliana. Tá sé cruthaithe go bhfuil sé rathúil, éifeachtach agus cruinn. Ní léann an teicneolaíocht teachtaireachtaí agus ní dhéanann sí monatóireacht ar ghrianghraif ná ar fhíseáin. Is éard a dhéanann sí an t-ábhar go léir a athrú go cód agus é a chur i gcomparáid le cód a bhaineann le hábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a tuairiscíodh roimhe agus le táscairí eile chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a shainaithint. Má tá meaitseáil ann, déantar an t-ábhar a bhlocáil agus a thuairisciú. Díreach cosúil le madra bolaíochta ag lorg drugaí i mbagáiste, ní lorgaíonn sí ach substaintí mídhleathacha agus ní bhacann sí leis an gcuid eile d’ábhar an bhagáiste ná cé leis an bagáiste.

Le rialacha nua an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac, cosnófar príobháideachas gach úsáideora agus cuideofar le híospartaigh a bpríobháideachas a aisghabháil trí stop a chur le scaipeadh na n-íomhánna agus na bhfíseán ar an idirlíon. Agus mí-úsáid ghnéasach leanaí á brath, cloífear leis na rialacha cosanta sonraí agus leis na rialacha maidir le príobháideachas cumarsáide. Ina theannta sin, cinnteoidh an dlí nach n-úsáidfear córais bhraite ach amháin chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a aimsiú agus a thuairisciú.

Roinn an teachtaireacht

Is é sprioc an Aontais an dlí sin a chur i gcrích faoi mhí Lúnasa 2024. Mura rithfear an dlí faoin am sin rachaidh rialachán an Aontais atá ann faoi láthair in éag, rud a fhágfaidh nach féidir an chuid is mó de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus gur fusa a bheidh sé dá thoradh sin do chreachadóirí mí-úsáid ghnéasach a dhéanamh ar leanaí gan iarmhairtí.

Tuilleadh eolais faoi reachtaíocht an Aontais chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac agus an dóigh leis an scéal a scaipeadh.

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Nollaig 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile