Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs
21 Bealtaine 2024

An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

Comhchóras an Aontais Eorpaigh chun an imirce a bhainistiú

Cad é an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann?

Is éard atá sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann sraith rialacha nua lena mbainistítear an imirce agus lena mbunaítear comhchóras tearmainn ar leibhéal an Aontais, lena mbainfear torthaí amach agus atá bunaithe ar ár luachanna Eorpacha ag an am céanna.

Cuireann an Comhshocrú le tograí athchóirithe a bhí ann roimhe seo i réimse na himirce agus leasaíonn sé iad, chun cur chuige cuimsitheach a chur ar fáil darb aidhm neartú agus comhtháthú a dhéanamh ar phríomhbheartais an Aontais maidir le himirce, tearmann, bainistiú teorainneacha agus imeascadh. Is rialacha daingne cothroma atá iontu atá ceaptha an imirce a bhainistiú agus a normalú go fadtéarmach, rud a thabharfaidh an tsolúbthacht do thíortha an Aontais aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá rompu, agus na coimircí is gá chun daoine atá i ngátar a chosaint.

An 10 Aibreán 2024, vótáil Parlaimint na hEorpa i bhfabhar na rialacha nua maidir leis an imirce, agus ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh go foirmiúil iad an 14 Bealtaine 2024, rud a fhágann go bhféadfaidh an tAontas dul i ngleic le saincheisteanna casta le diongbháilteacht agus le clisteacht. Cinnteoidh an méid sin go mbeidh teorainneacha seachtracha láidre slána ag an Aontas, go ráthófar cearta na ndaoine, agus nach bhfágfar aon tír san Aontas faoi bhrú léi féin.
Pact - four parts

Féach an ghrafaic faisnéise ina hiomláine 

Na ceithre cholún den bheartas nua maidir le himirce agus tearmainn

Teorainneacha seachtracha slána

Scagadh láidir: Iad siúd nach gcomhlíonann na coinníollacha chun teacht isteach san Aontas, clárófar iad agus beidh siad faoi réir seiceálacha aitheantais, slándála agus sláinte.

Bunachar sonraí Eurodac maidir le tearmann agus imirce: Le Rialachán Eurodac déantar bunachar sonraí lánfheidhme um thearmann agus imirce den bhunachar sonraí atá ann cheana, rud a chinntíonn go sainaithnítear go soiléir gach duine a thagann isteach san Aontas mar iarrthóir tearmainn nó mar imirceach neamhrialta.

Nós imeachta teorann agus filleadh: Beidh feidhm ag nós imeachta teorann éigeantach maidir le hiarratasóirí tearmainn nach dócha go mbeidh cosaint de dhíth orthu, nach dócha go gcuirfidh siad na húdaráis ar míthreoir ná nach dócha go mbeidh riosca slándála ag baint leo. Beidh feidhm ag filleadh éifeachtúil agus tacaíocht ath-imeasctha ag gabháil leis maidir leo siúd nach bhfuil incháilithe do chosaint idirnáisiúnta.

Prótacail ghéarchéime agus gníomhaíocht i gcoinne ionstraimithe: Leis an Rialachán maidir le Géarchéimeanna, soláthraítear prótacail ghéarchéime thapa le tacaíocht agus cistiú oibríochtúil i gcásanna éigeandála.

Bileog fíricí – Teorainneacha seachtracha slána

Nósanna imeachta tapa éifeachtúla

Rialacha soiléire maidir le tearmann: Cinntíonn an Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce go gcinnfear go héifeachtach cé acu tír den Aontas a bheidh freagrach as iarratas ar thearmann a láimhseáil.

Cearta daoine a ráthú: Leis an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, bunaítear caighdeáin chomhchuibhithe ar fud an Aontais, lena gcinntítear dálaí maireachtála leordhóthanacha d’iarrthóirí tearmainn, agus coimircí agus ráthaíochtaí á neartú agus próisis imeasctha á bhfeabhsú ag an am céanna.

Caighdeáin an Aontais maidir le cáilíochtaí stádais dídeanaí: Leis an Rialachán Cáilitheachta, neartaítear agus comhchuibhítear na critéir maidir le cosaint idirnáisiúnta agus soiléirítear cearta agus oibleagáidí na dtairbhithe.

Mí-úsáid a chosc: Leagtar amach sa Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn oibleagáidí soiléire comhair d’iarrthóirí tearmainn, lena bhforáiltear d’iarmhairtí i gcás neamhchomhlíonta.

Bileog fíricí – Nósanna imeachta tapa éifeachtúla

Córas éifeachtach dlúthpháirtíochta agus freagrachta

Creat buan dlúthpháirtíochta: Cinntíonn an creat nua go dtabharfar an dlúthpháirtíocht is gá do thíortha den Aontas. Is iad na tíortha den Aontas a roghnóidh an dóigh a nglacfaidh siad páirt, idir athshocrú, ranníocaíochtaí airgeadais, tacaíocht oibríochtúil, asbhaintí a iarraidh, agus ‘fritháireamh freagrachta’.

Tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais: Tacóidh Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus cistí tiomnaithe de chuid an Aontais le tíortha an Aontais gach céim den bhealach.

Rialacha níos soiléire maidir le freagracht as iarratais ar thearmann: Leis na rialacha nua, feabhsaítear na critéir freagrachta lena gcinntear cé acu tír den Aontas a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann.

Gluaiseacht thánaisteach a chosc: Ní mór d’iarrthóirí tearmainn iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta sa chéad tír den Aontas ina dtagann siad isteach agus fanacht sa tír sin go dtí go gcinnfear cé acu tír a bheidh freagrach as a n-iarratas.

Bileog fíricí – Córas éifeachtach dlúthpháirtíochta agus freagrachta

An imirce a leabú i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta

Imeachtaí neamhrialta a chosc: Acmhainneachtaí neartaithe na n-údarás bainistithe teorainneacha i dtíortha comhpháirtíochta tosaíochta, trí chomhar treisithe le Frontex san áireamh.

Smuigleáil imirceach a chomhrac: Comhpháirtíochtaí Oibríochtúla Frith-Smuigleála tiomnaithe saincheaptha le tíortha comhpháirtíochta agus gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, a théann i ngleic le smuigleáil i suíomhanna tábhachtacha.

Comhar maidir le hathligean isteach: Tá forbairt na himirce dleathaí fite fuaite le comhar neartaithe maidir le filleadh agus athligean isteach.

Bealaí dlíthiúla a chur chun cinn: Le Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, bunaítear an chéad ardán uile-Aontais chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, agus cuireann Comhpháirtíochtaí Tallainne ar chumas daoine nach saoránaigh den Aontas iad obair, staidéar agus oiliúint a dhéanamh san Aontas.

Bileog fíricí – An imirce a leabú i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta

An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a thuiscint

Amlíne agus príomhéachtaí

Political agreement on the key pillars of the New Pact on Migration and Asylum

An cúinne nuachta