Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs
Alt nuachta26 Deireadh Fómhair 2022Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí BaileAm léitheoireachta: 4 nóiméad

An difear a dhéanfaidh dlí nua an Aontais chun dul i ngleic le mí-úsáid ghnéasach leanaí

How the new EU law to tackle child sexual abuse will make a difference

Tá an tAontas Eorpach ag obair ar bhearta chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac. An 3 Lúnasa 2024 rachaidh dlí an Aontais in éag lena mbíonn soláthraithe seirbhíse ábalta leanúint ar bhonn deonach d’ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas.

San am i láthair, ní i gcónaí a cheaptar seirbhísí agus sábháilteacht leanaí san áireamh iontu, agus ní sheiceálann gnólachtaí teicneolaíochta an ann d’ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ná é a thuairisciú nuair a thagann siad air. Is amhlaidh atá mar is faoi gach gnólacht aonair a fhágtar an cinneadh. Tá gá le rialacha soiléire chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar mhí-úsáid seirbhísí ar líne chun críoch mí-úsáide gnéasaí leanaí. Anois tá sé beartaithe ag an Aontas é a dhéanamh éigeantach sin a chosc, a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint. Cuideoidh sé sin leis na póilíní teacht ar níos mó fianaise maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus cinnteoidh sé go mbainfear í go tapa.

Cé a chaithfidh seiceálacha a dhéanamh?

I mbeagán focal, déanfaidh aon soláthraí ar líne seiceálacha chun a fháil amach an bhfuil baol ard go leor ann go ndéanfaí mí-úsáid ghnéasach leanaí ar a gcórais. Leis an dlí atá beartaithe, beidh céimeanna diana dlí i gceist leis an bpróiseas sin.

Má bhraitear go bhfuil ardriosca ann, laghdóidh gnólachtaí teicneolaíochta an riosca díobhála trí mhaolú ar dtús. Chun é sin a dhéanamh, ní mór dóibh measúnú riosca a chur isteach don údarás comhordúcháin (e.g. an rialtas náisiúnta) chun a sheiceáil an bhfuil baol mí-úsáide leanaí suntasach ann ina gcuid seirbhísí. Má tá an riosca ard go leor, dréachtóidh an t-údarás comhordúcháin iarraidh ar ordú braite, lena gceanglaítear ar an ngnólacht plean a ullmhú chun bearta a thabhairt isteach a bhraithfeadh mí-úsáid ghnéasach leanaí agus príobháideachas úsáideoirí á hurramú a mhéid is féidir.

Ina dhiaidh sin, cruthóidh an gnólacht teicneolaíochta plean chun an t-ordú a chur i bhfeidhm, rud lena gceanglaítear air measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh. Ní mór don Údarás Náisiúnta um Chosaint Sonraí agus údarás inniúil araon é sin a athbhreithniú. Ar deireadh, déanfaidh údarás breithiúnach cinneadh maidir leis an ordú braite. Ní mór a chur san áireamh sa chinneadh an gá atá leis an ordú (leibhéal an riosca maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar ardán ar leith), agus a éifeachtaí atá na coimircí chun teorainn a chur lena ionraí atá na bearta.

Cén dóigh a mbraitear mí-úsáid ghnéasach leanaí?

Déanfaidh na gnólachtaí teicneolaíochta féin an brath trí úsáid a bhaint as sainteicneolaíocht ar a bhféadfadh Ionad an Aontais rochtain a éascú. Beidh ról ag an Ionad freisin maidir le measúnú a dhéanamh ar aon teicneolaíocht a bheidh ann amach anseo agus maidir lena chinntiú go mbeidh sí sábháilte a úsáid. Oibríonn an teicneolaíocht ar an mbealach céanna a n-aithníonn madra bolaíochta drugaí nó pléascáin trí bholadh ar leith a aithint. Sa chás sin, aithnítear ‘haiseanna’ agus ‘táscairí intleachta saorga’ ar leith sa teicneolaíocht chun cásanna mí-úsáide gnéasaí leanaí a shainaithint.

Cén dóigh a dtuairiscítear é?

Faoi láthair is é Ionad Náisiúnta na Stát Aontaithe um Leanaí ar Iarraidh agus Leanaí Dúshaothraithe (eagraíocht phríobháideach neamhbhrabúis) a fhaigheann na tuarascálacha agus a dhéanann seiceáil orthu. Leis an dlí nua, beidh Ionad nua de chuid an Aontais ann chun é sin a dhéanamh. Nuair a aimsíonn cuideachtaí teicneolaíochta ábhar mí-úsáide beidh orthu é a thuairisciú d’Ionad an Aontais. Is é Ionad an Aontais a dhéanfaidh seiceáil ar na tuarascálacha sin agus aon ábhar nach bhfuil mídhleathach a scagadh, ionas nach bhfaighidh na póilíní ach tuarascálacha deimhnithe.

Cé a shonraíonn an t-ábhar is gá a bhaint anuas agus a thapúla a bhaintear anuas é?

Faoi láthair, féadfaidh próiseas fada a bheith i gceist le hábhar a bhaint anuas agus is minic a bhraitheann sé ar thoilteanas na ngnólachtaí teicneolaíochta aonair. Amach anseo, mura mbaintear an t-ábhar sin anuas go deonach, eiseoidh údarás breithiúnach ordú baint anuas don ghnólacht teicneolaíochta chun ábhar neamhdhleathach a bhaint anuas laistigh de 24 uair an chloig.

Cad is féidir liomsa a dhéanamh?

Is céim ríthábhachtach é an dlí i dtreo leanaí a chosaint tuilleadh ar chontúirtí mí-úsáide gnéasaí leanaí. Cuideoidh sé le leanaí a chosaint, le tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, agus le beatha daoine a shábháil. Luaigh roinnt eagraíochtaí um chearta leanaí cheana féin gur díol sásaimh dóibh an ceanglas éigeantach atá ar ghnólachtaí teicneolaíochta ábhar a shainaithint, a thuairisciú agus a bhaint anuas go gníomhach. Seastar leo – scaiptear an scéal faoin difríocht a dhéanfaidh an reachtaíocht nua

Sonraí

Dáta foilsithe
26 Deireadh Fómhair 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile