Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Migration and Home Affairs
Alt nuachta15 Iúil 2022Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí BaileAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Tacaíonn carthanais leanaí ar fud an domhain le dlí ‘stairiúil’ chun daoine óga a chosaint

Children’s charities around the world champion ‘historic’ law to protect young people

De réir mar a thagann méadú tapa ar thuarascálacha domhanda maidir le mí-úsáid leanaí, tá litir oscailte sínithe ag breis agus 70 eagraíocht um chearta leanaí, litir lena dtacaítear leis an dlí atá beartaithe ag an Aontas Eorpach chun leanaí a chosaint ar mhí-úsáid ghnéasach. Luaitear sa litir gur dlí ‘tráthúil stairiúil é, ní hamháin don Eoraip ach don domhan mór.’

Tá tacaíocht tugtha don dlí atá beartaithe maidir le mí-úsáid ghnéasach a chosc agus a chomhrac ag eagraíochtaí móra Eorpacha agus idirnáisiúnta atá ar a ndícheall sábháilteacht agus slándáil leanaí a bhaint amach. Ina measc sin tá Missing Children Europe, Eurochild, Ciste Leanaí na Gearmáine, ECPAT International, Thorn, agus go leor eile.

Sa litir sonraíonn na heagraíochtaí an dlí mar ‘chéim ríthábhachtach i dtreo cearta leanaí a chosaint ar bhealach níos fearr.’ Is díol sásaimh dóibh freisin Lárionad neamhspleách an Aontais Eorpaigh a bheith á chruthú chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac.

Luaitear an méid seo a leanas sa litir freisin:

Molaimid freisin an oibleagáid ghinearálta chun measúnú a dhéanamh maidir le rioscaí agus bearta coisctheacha a ghlacadh [...], agus, dá bhrí sin, tacú leis an tsábháilteacht de réir dearaidh. Trí chóras nua trédhearcachta a chruthú idir an teicneolaíocht agus úsáideoirí, cothófar gníomhaíocht fhiúntach intomhaiste chun dul i ngleic le hábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí.

Dúirt Iain Drennan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag WeProtect Global Alliance, an méid seo a leanas:

Mar a léirítear inár Global Threat Assessment [Measúnú ar Bhagairt Dhomhanda] is déanaí, sa lá atá inniu ann bíonn leanaí faoi bhagairt leanúnach theacht i dtír gnéasach ar leanaí agus mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. Tá reachtaíocht cosúil leis an gceann atá beartaithe ag an Aontas ríthábhachtach chun leanaí a chosaint ar líne. Déantar amhlaidh trí dhíriú ar chosc a chur ar dhíobháil ar líne ar an gcéad dul síos agus ciontóirí a thabhairt os comhair na cúirte.

Léigh an litir oscailte ina hiomláine.

Maidir leis an reachtaíocht atá beartaithe

Sheol an Coimisinéir Johansson an Rialachán atá beartaithe an 11 Bealtaine 2022. Fágann an dlí sin go bhfuil sé éigeantach do chuideachtaí teicneolaíochta measúnú a dhéanamh ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid as a gcuid seirbhísí le haghaidh mí-úsáid ghnéasach leanaí. Má tá údar cuí leis, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé de cheangal ar na cuideachtaí ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint. Beidh sé de cheangal orthu cásanna grúmaeireachta a bhrath agus a thuairisciú chomh maith. Cuirfidh sé sin deireadh leis an gcleachtas na gníomhaíochtaí sin a fhágáil faoi rogha cuideachtaí teicneolaíochta den chuid is mó.

Tuilleadh eolais faoin Rialachán atá beartaithe.

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Iúil 2022
Údar
Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile