Níl. Níl sonraí pearsanta faoi shaoránaigh Eorpacha uile agus áitritheoirí Eorpacha uile in CFS.
Níl sa chóras ach sonraí faoi dhaoine agus faoi ábhair ar a bhfuil na húdaráis phoiblí inniúla sa tóir i dtíortha an Aontais agus i dtíortha atá comhlachaithe le Schengen. Rialaítear le dlí an Aontais cé na sonraí pearsanta is féidir a stóráil agus cad chuige a stóráiltear iad. Rialaítear le dlí an Aontais freisin an tréimhse inar féidir sonraí a stóráil in CFS agus cathain is gá na sonraí a scriosadh.
Má tá amhras ort go bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil go neamhdhleathach in CFS nó trí Bhiúrónna SIRENE, is féidir leat a iarraidh go scriosfar na sonraí sin agus féadfaidh tú leigheas breithiúnach a lorg os comhair na n-údarás breithiúnach inniúil in aon cheann de na tíortha ina bhfuil CFS in úsáid. Féadfaidh tú féachaint ar Threoraíocht CFS maidir leis an gceart chun sonraí a rochtain.
Más náisiúnach thú de thír nach bhfuil san Aontas agus má eisíodh cinneadh um fhilleadh duit nó ordú maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú i do leith, tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas maidir le cé acu a eiseofar nó nach n-eiseofar foláireamh i do leith in CFS, agus tá sé de cheart agat faisnéis a fháil freisin faoi choinneáil do shonraí. Féadfar srian a chur leis an gceart chun faisnéise sin, go háirithe chun cosaint a thabhairt don tslándáil náisiúnta, don chosaint agus don tslándáil phoiblí, agus chun cosaint a thabhairt do chosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla.
Má chreideann tú go bhféadfadh sé gur eisíodh foláireamh fútsa in CFS go neamhdhleathach, tá sé de cheart agat rochtain ar na sonraí a iarraidh agus a iarraidh go scriosfaí iad.
Má chreideann tú gur iontráladh sonraí míchearta fút in CFS, tá sé de cheart agat rochtain ar na sonraí a iarraidh agus a iarraidh go gceartófaí nó go scriosfaí na sonraí.
Féadfaidh tú aon cheann de na cearta thuasluaite a fheidhmiú in aon cheann de na tíortha ina bhfuil CFS in úsáid. Tá na nósanna imeachta náisiúnta agus na pointí teagmhála le haghaidh iarrataí ar rochtain do gach tír le fáil sa Treoraíocht maidir leis an gceart rochtana a fheidhmiú agus tá siad ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Níl an ceart chun faisnéise infheidhme ach amháin maidir le sonraí pearsanta a iontráiltear in CFS mar chuid d’fholáirimh i ndáil le cinntí um fhilleadh nó mar chuid d’fholáirimh i ndáil le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú. Tá na sonraí sin faoi réir rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus na rialacha speisialta um chosaint sonraí a fhaightear sna Rialacháin lena rialaítear foláirimh CFS maidir le cinntí um fhilleadh agus foláirimh CFS maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú (Rialachán (AE) 2018/1860 agus Rialachán (AE) 2018/1861). Go ginearálta, bíonn an fhaisnéis sin san áireamh sa chinneadh nó cuirtear in iúl don ábhar sonraí í nuair a sheirbheáiltear an cinneadh um fhilleadh ar an duine sin agus/nó an t-ordú maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú. Tá sé de cheart ag gach duine atá faoi réir cinneadh, ordú nó foláireamh den sórt sin an fhaisnéis sin a iarraidh.
Ní féidir seiceáil a dhéanamh ar na sonraí in CFS ach amháin i gcás ina gceadaítear a n-úsáid de réir dhlí an Aontais. Is féidir leis na húdaráis náisiúnta seiceáil a dhéanamh ar na sonraí atá sa chóras agus iad i mbun a bhfeidhmeanna maidir le bainistiú teorainneacha agus leis an tslándáil phoiblí, nó i mbun a bhfeidhmeanna maidir le saorghluaiseacht daoine.
Is bunachar sonraí an-slán é CFS atá faoi chosaint, agus níl rochtain air ach amháin ag úsáideoirí údaraithe laistigh de na húdaráis inniúla atá freagrach as an méid seo a leanas:
- rialú teorann, i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen
- seiceálacha póilíneachta agus custaim a dhéantar laistigh den tír ábhartha, agus comhordú na seiceálacha sin ag údaráis ainmnithe
- cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorfheidhmiú, laistigh den tír ábhartha, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an Treoir um Chosaint Sonraí
- na coinníollacha a scrúdú agus cinntí a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas: (i) náisiúnaigh tríú tíortha ag teacht isteach agus ag fanacht i dtíortha Schengen, agus ceadanna cónaithe agus víosaí fadfhanachta san áireamh; agus (ii) náisiúnaigh tríú tíortha a fhilleadh, chomh maith le seiceálacha a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tíortha a thagann isteach nó a fhanann go neamhdhleathach i dtíortha Schengen
- seiceálacha slándála ar náisiúnaigh tríú tíortha a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta (a mhéid nach ‘údaráis chinntitheacha’ iad na húdaráis a dhéanann na seiceálacha mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 2 den Treoir maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar) agus, i gcás inarb ábhartha, comhairle a thabhairt i gcomhréir leis an Rialachán ón gComhairle maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú
- iarratais ar víosaí a scrúdú agus cinntí a dhéanamh a bhaineann leis na hiarratais sin, lena n-áirítear cinntí i dtaobh an ndéanfar víosaí a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú, i gcomhréir le Cód an Aontais maidir le Víosaí
- céannachtaí éagsúla a fhíorú agus calaois chéannachta a chomhrac i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht
- eadóirsiú, dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, chun iarratas ar eadóirseacht a scrúdú
- ionchúisimh phoiblí a thionscnamh in imeachtaí coiriúla agus i ndáil le fiosrúcháin bhreithiúnacha sula gcúisítear duine, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta agus mar a fhorálann a n-údaráis chomhordúcháin
- deimhnithe clárúcháin a eisiúint le haghaidh feithiclí, dá dtagraítear sa Treoir ón gComhairle maidir leis na doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí, d’aon toisc chun a sheiceáil an ndearnadh feithiclí, na deimhnithe clárúcháin feithiclí a ghabhann leo agus uimhirphlátaí a chuirtear i láthair dóibh lena gclárú a ghoid, a mhídhílsiú, a chailleadh, a airbheartú gur doiciméad den sórt sin iad ach gur doiciméid bhréagacha iad, nó chun a sheiceáil an bhfuil siad á lorg mar fhianaise in imeachtaí coiriúla
- deimhnithe clárúcháin a eisiúint nó bainistiú tráchta a chinntiú le haghaidh bád, agus innill bád san áireamh, agus aerárthaí, agus innill aerárthaí san áireamh, d’aon toisc chun seiceáil a dhéanamh an ndearnadh báid, agus innill bád san áireamh, agus ar aerárthaí, agus innill aerárthaí san áireamh, a ghoid, a mhídhílsiú, a chailleadh, nó chun a sheiceáil an bhfuil siad á lorg mar fhianaise in imeachtaí coiriúla
- deimhnithe clárúcháin a eisiúint le haghaidh airm thine chun a sheiceáil an bhfuiltear sa tóir ar an duine a iarrann clárú, lena ghabháil chun críocha tabhairt suas nó eiseachadta, nó chun críocha seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha nó an bhfuil airm thine, a chuirtear i láthair lena gclárú, á lorg lena n-urghabháil nó lena n-úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla
- lámhphróiseáil iarratais ETIAS arna déanamh ag Aonad Náisiúnta ETIAS, de bhun Airteagal 8 den Rialachán lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)
Féadfaidh na húdaráis seo a leanas CFS a rochtain freisin:
- Europol, i gcás inar gá rochtain a bheith aige chun a shainordú a chomhlíonadh
- comhaltaí náisiúnta Eurojust agus a gcúntóirí, i gcás inar gá rochtain a bheith acu chun a sainordú a chomhlíonadh
- baill d’fhoirne Frontex, i gcás inar gá rochtain a bheith acu chun a gcúraimí a dhéanamh agus i gcás ina n-éilítear sin leis an bplean oibríochta le haghaidh oibríocht shonrach.
Ní fhéadfaidh na húdaráis sin rochtain a fháil ach ar na sonraí atá de dhíth orthu in CFS chun a gcúraimí a dhéanamh. Gach bliain foilsítear liosta de na húdaráis inniúla náisiúnta a bhfuil rochtain acu ar CFS in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Nuair a bhíonn daoine ag taisteal, próiseáiltear a sonraí i gcórais éagsúla ag brath ar a stádas inimirce, ar a gceann scríbe agus ar an modh iompair a roghnaítear. Mar shampla, is féidir seiceáil a dhéanamh ar shonraí aerphaisinéirí in CFS agus i gcórais eile i gcomhréir le Treoir an Aontais maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí agus leis an Treoir maidir le Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí, agus leis na dlíthe lena dtrasuitear iad ar an leibhéal náisiúnta.
Sonraí i ndáil le náisiúnaigh nach den Aontas iad a chuireann isteach ar víosa, ar chead cónaithe nó ar shaoránacht i dtír den Aontas, déantar na sonraí sin a sheiceáil in CFS i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme nó leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme. Agus tú ag dul isteach i limistéar Schengen nó ag imeacht as, déantar do shonraí a sheiceáil in CFS le linn na seiceála rialaithe teorann. Déantar do shonraí a sheiceáil in CFS freisin aon uair a dhéanann oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí seiceáil ort in aon cheann de na tíortha ina bhfuil an córas in úsáid.
Féadfar na sonraí atá ar taifead in CFS a choinneáil sa chóras a fhad is gá chun cuspóir an fholáirimh shonraigh sin a bhaint amach. Agus an méid sin bainte amach, ní mór don tír a d’eisigh an foláireamh na sonraí a scriosadh gan mhoill. Ceanglaítear le dlí an Aontais ar na tíortha eisiúna athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na sonraí atá á gcoinneáil sa chóras.
Bíonn feidhm le tréimhsí éagsúla athbhreithnithe agus coinneála ag brath ar an gcineál foláirimh:
- Ní mór foláirimh maidir le gabháil agus foláirimh maidir le daoine ar iarraidh a athbhreithniú laistigh de 5 bliana.
- Ní mór foláirimh maidir le cinntí um fhilleadh agus foláirimh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a athbhreithniú laistigh de 5 bliana chomh maith.
- Ní mór athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 3 bliana ar fholáirimh maidir le daoine atá á lorg chun cabhrú le nósanna imeachta breithiúnacha agus foláirimh maidir le daoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu.
- Ní mór athbhreithniú a dhéanamh laistigh de bhliain amháin ar fholáirimh maidir le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha, agus foláirimh maidir le leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe nó daoine leochaileacha atá i mbaol.
- Ní mór athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 10 mbliana ar fholáirimh maidir le hábhair lena n-urghabháil nó lena n-úsáid mar fhianaise, nó faoi cheann tréimhse níos giorra i gcás cineálacha áirithe ábhair.
Féadfaidh tíortha síneadh a chur leis an tréimhse coinneála foláirimh más gá agus más comhréireach déanamh amhlaidh chun cuspóir an fholáirimh a bhaint amach.
Foráiltear le dlí an Aontais, i gcásanna áirithe, go bhféadfar sonraí arna ndíorthú ón gcóras a choinneáil ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.