Tá sé ríthábhachtach mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc chun leanaí a choinneáil slán. Rialtais agus cuideachtaí ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, ní mór dóibh obair i gcomhar le chéile go héifeachtúil chun cosc a fheabhsú.
Is príomhchúram de chuid lárionad an Aontais atá beartaithe é mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac.
Tacóidh lárionad an Aontais le Ballstáit trí bhearta coisctheacha cuimsitheacha tástálaithe éifeachtacha. Beidh sé mar aidhm ag na bearta coisctheacha sin laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbeidh leanaí ina n-íospartaigh agus go gciontóidh/go n-athchiontóidh creachadóirí.
Mol a bheidh sa lárionad freisin chun faisnéis a nascadh, a fhorbairt agus a chomhroinnt agus ina ndéanfar taighde úrscothach a fhorbairt maidir le brath agus cosc, sin agus cuirfidh sé comhairle ar lucht déanta beartais náisiúnta agus de chuid an Aontais maidir leis na bearta is gá. Faoi mar a leagadh amach i straitéis an Aontais i ndáil le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, déanfaidh lárionad an Aontais forbairt ar an líonra coiscthe. Beidh an líonra sin comhdhéanta de shaineolaithe agus cleachtóirí a shainaithneoidh bearta coisctheacha éifeachtacha chun leitheadúlacht na mí-úsáide gnéasaí leanaí a laghdú san Aontas.
Faigh tuilleadh eolais faoi lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac.