Is é is aidhm don reachtaíocht de chuid an Aontais atá beartaithe freagrachtaí soláthraithe a shainiú maidir le hábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a aimsiú agus a thuairisciú agus maidir le grúmaeireacht sna spásanna digiteacha a oibríonn siad.
Ní thagann formhór na leideanna ó chomharsana ar a bhfuil amhras. Déanann mí-úsáideoirí a gcuid coireanna taobh thiar de dhoirse, ach cuireann siad an fhianaise ar líne. Tá formhór na n-imscrúduithe bunaithe ar thuarascálacha ó chuideachtaí. Mar sin féin, is beag cuideachta a dhéanann cuardach gníomhach ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí. Má dhéantar tuairisciú éigeantach, cuirfear an fhianaise a theastaíonn ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí. Moltar sa reachtaíocht lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac a chur ar bun, ar lárionad é a gheobhaidh tuairiscí ó chuideachtaí. Déanfaidh an lárionad anailís ar an áit a bhfuil an mhí-úsáid ag tarlú agus cuirfidh sé na húdaráis ar an eolas fúithi sa tír is ceart. Cinnteoidh sé freisin go n-urramófar cearta bunúsacha agus cosnóidh sé trédhearcacht agus cuntasacht na n-iarrachtaí chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhrath.
Chun a ndualgas a chomhlíonadh maidir le leanaí a chosaint, beidh soláthraithe seirbhíse digití in ann úsáid a bhaint as ardteicneolaíocht inrochtana atá ann cheana, rud a chuirfidh ar a gcumas caighdeáin riachtanacha an Aontais maidir le cosaint agus coimircí príobháideachta a bhaint amach.
Coimeádfaidh lárionad an Aontais bunachar sonraí comharthaí lenar féidir mí-úsáid a bhrath (haiseanna agus táscairí intleachta saorga) chun a chinntiú go ndéanfar gach ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a shainaithint i gceart. Déanfaidh údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát na táscairí sin a sheiceáil lena chinntiú go leanfaidh siad sainmhíniú an Aontais ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí. Céim chun tosaigh a bheidh na táscairí a chur ar fáil do sholáthraithe ábhartha seirbhísí digiteacha chun feabhas a chur ar éifeachtacht agus trédhearcacht an phróisis braite.
Faigh tuilleadh eolais faoi lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac.