Cén dóigh a gcosnaítear sonraí pearsanta? Tá ceanglais dhiana in CFS maidir le cáilíocht sonraí agus cosaint sonraí. Is é an bunphrionsabal gurb í an tír a d’iontráil an foláireamh atá freagrach as a bhfuil san fholáireamh. Is faoin tír sin a bhíonn sé deimhin a dhéanamh de go mbíonn na sonraí cruinn, go ndéantar iad a nuashonrú, agus go ndéantar iad a iontráil agus a stóráil go dleathach. Is iad na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm na rialacha cosanta sonraí ina dtír féin, agus is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a dhéanann monatóireacht ar an dóigh a gcuirtear na rialacha cosanta sonraí i bhfeidhm sa chóras lárnach atá á bhainistiú ag eu-LISA. Oibríonn an dá leibhéal le chéile chun maoirseacht chomhordaithe ó cheann go ceann a chinntiú. Má stóráiltear sonraí faoi dhuine, tá sé de cheart ag an duine sin rochtain ar na sonraí a iarraidh. Trí rochtain a fháil ar na sonraí, is féidir leis an duine a chinntiú go bhfuil gach rud atá stóráilte faoi cruinn agus iontráilte go dleathach. Murab amhlaidh an cás, tá sé de cheart ag an duine ceartú nó scriosadh a iarraidh. Cad is féidir liom a dhéanamh má fheictear dom go bhfuil duine atá cláraithe in CFS ag baint mí-úsáid as mo chéannacht? Uaireanta úsáidtear doiciméid aitheantais bhréagacha nó doiciméid aitheantais ar le duine eile iad nuair a dhéantar cionta coiriúla nó nuair a dhéantar iarracht teacht isteach i Limistéar Schengen nó fanacht ann. D’fhéadfadh fadhbanna a bheith ag sealbhóir dlisteanach na céannachta mar thoradh air sin. Má shíleann tú gur tharla sé sin duitse, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do phointe teagmhála náisiúnta agus é sin a chur in iúl dóibh. Gníomhaíocht amháin is féidir leo a dhéanamh chun an tionchar ortsa a laghdú ná cuid de na sonraí seo a leanas, nó iad go léir, a chur le foláireamh in CFS (má thoilíonn tú leis): sloinnte céadainmneacha ainmneacha tráth breithe ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailiasanna a d'fhéadfadh a bheith iontráilte ar leithligh óna chéile aon saintréith fhisiceach oibiachtúil nach féidir a athrú áit bhreithe dáta breithe inscne grianghraif agus íomhánna den aghaidh méarloirg, loirg dhearnana nó an dá cheann náisiúntacht, agus aon náisiúntachtaí eile más ann dóibh catagóir do dhoiciméad aitheantais tír eisiúna do dhoiciméad aitheantais uimhir/uimhreacha do dhoiciméad aitheantais dáta eisiúna do dhoiciméad aitheantais do sheoladh ainm d’athar ainm do mháthar Ní cheadaítear é sin ach amháin má thoilíonn tú go sainráite leis. Na sonraí atá nasctha leis an gcéannacht as a bhfuil mí-úsáid á baint, níl rochtain orthu ach ag na húdaráis sin a bhfuil sé de cheart acu rochtain a fháil ar an bhfoláireamh a eisíodh maidir leis an duine atá ag baint mí-úsáid as do chéannacht, agus ní féidir na sonraí a úsáid ach amháin chun sainaithint mhícheart a sheachaint. Ní mór an foláireamh lena ngabhann do shonraí a bhaint ag an am céanna leis an bhfoláireamh maidir leis an duine sin atá ag baint mí-úsáid as do chéannacht, nó níos luaithe ná sin má iarrann tú amhlaidh. Cad iad na cearta atá ag daoine maidir lena sonraí atá á stóráil in CFS? Má chreideann duine gur mí-úsáideadh a sonraí pearsanta nó gur gá iad a cheartú nó a scriosadh, féadfaidh an duine leas a bhaint as na cearta cosanta sonraí a aithnítear i reachtaíocht CFS. Seo a leanas na cearta sin: an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta atá á stóráil in CFS an ceart chun sonraí pearsanta míchruinne a cheartú nó sonraí pearsanta atá á stóráil go neamhdhleathach a scriosadh an ceart chun imeachtaí a thabhairt os comhair na gcúirteanna nó na n-údarás inniúil chun sonraí a cheartú nó a scriosadh nó chun cúiteamh a fháil i leith damáistí de dheasca sáruithe ar an dlí cosanta sonraí. Le reachtaíocht CFS, bíonn an ceart ag duine caingean a thionscnamh os comhair an údaráis inniúil, agus cúirt san áireamh, faoi rialacha náisiúnta chun faisnéis a fháil, a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, nó chun cúiteamh a fháil (má bhaineann damáistí don duine) i dtaca le foláireamh a bhaineann leis/léi. Na tíortha ina bhfuil CFS in úsáid, tá siad tar éis comhaontú go frithpháirteach cinntí críochnaitheacha a chur i bhfeidhm arna ndéanamh ag na cúirteanna nó ag na húdaráis. Ciallaíonn an comhaontú sin gur cheart cinneadh arna dhéanamh ag cúirt nó ag údarás inniúil i dtír amháin a aithint agus a chur i bhfeidhm i ngach tír ina bhfuil CFS in úsáid. Is féidir na cearta sin a fheidhmiú in aon tír ina bhfuil CFS in úsáid. Tá na nósanna imeachta náisiúnta agus na pointí teagmhála le haghaidh iarrataí ar rochtain curtha le chéile i dtreoir chuimsitheach.