Cén fáth a bhfuil gá leis an reachtaíocht seo?
Is fadhb í mí-úsáid ghnéasach leanaí atá ag dul i méid, agus má ghníomhaíonn Ballstáit an Aontais ina n-aonar nó ar bhealach neamhchomhordaithe, ní féidir leo aghaidh a thabhairt uirthi go héifeachtach. Ní féidir le tír amháin den Aontas cosc a chur ar ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bheith á scaipeadh ar an idirlíon gan dul i gcomhar le soláthraithe seirbhíse ar líne príobháideacha nó le cuideachtaí idirlín a bhíonn ag obair i roinnt tíortha san Aontas. Tá gá againn le córas comhtháite don Aontas Eorpach ar fad.
An tuairisciú deonach a dhéanann soláthraithe seirbhíse ar líne ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí, athraíonn sé ó chuideachta go cuideachta. Tá soláthraithe seirbhíse ann a dhéanann beart cuimsitheach ina leith. Agus tá cuid eile ann nach ndéanann aon bheart ar chor ar bith. Fágann na bearnaí sin sa tuairisciú nach mbraitear an mhí-úsáid i gcónaí. Toisc gur ar bhonn deonach a théann cuideachtaí i mbun an bhraith, d’fhéadfadh siad cinneadh a dhéanamh a gcuid beartas a athrú am ar bith, rud a chuirfeadh bac ar iarrachtaí na n-údarás mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac.
Leis an reachtaíocht nua seo, tá an Coimisiún Eorpach ag féachaint le comhar poiblí-príobháideach éifeachtach a chinntiú ar fud an Aontais chun leanaí a choinneáil slán ó chreachadóirí ar líne, ciontóirí a thabhairt os comhair cúirte, agus tacaíocht thráthúil leordhóthanach a chur ar fáil d’íospartaigh.
Cén fáth a ndíríonn an reachtaíocht seo ar sholáthraithe seirbhíse ar líne?
Is minic gurb iad soláthraithe seirbhíse ar líne an t-aon dream atá in ann mí-úsáid a bhrath, mí-úsáid a tharlaíonn as radharc an phobail agus i measc líonraí ciontóirí a bhféadfadh na céadta mílte úsáideoirí a bheith san áireamh iontu. Má thugann soláthraithe seirbhíse neamhaird de sin, is dócha nach mbeidh aon duine in ann na híospartaigh a aithint agus cabhrú leo. Cheana féin i roinnt tíortha san Aontas, seoltar suas le 80% de na himscrúduithe mar gheall ar thuarascálacha ó sholáthraithe seirbhíse.
Mar gheall ar an idirlíon tá bealach nua ag ciontóirí le teagmháil a dhéanamh le leanaí. Téann creachadóirí i dteagmháil le leanaí ar na meáin shóisialta, ar ardáin chluichíochta agus ar chórais chomhrá, agus meallann siad iad chun íomhánna míchuibhiúla díobh féin a chur ar fáil nó chun bualadh leo as líne. Tá leanaí ag caitheamh níos mó ama ar líne ná riamh, rud a mhéadaíonn an baol go mbeidh teagmháil acu le creachadóirí ar líne. Mar sin féin, ní dhéanann formhór na seirbhísí idirdhealú idir úsáideoirí leanaí agus úsáideoirí fásta, agus caitear le leanaí amhail is gur daoine fásta iad a bhfuil cur amach acu ar an idirlíon agus atá in ann iad féin a chosaint – rud nach bhfuil siad in ann a dhéanamh is léir. Bíonn go leor seirbhísí dall ar an mí-úsáid a bhaintear as a n-ardáin chun íomhánna agus físeáin de mhí-úsáid ghnéasach leanaí a roinnt.
Conas a dhéanfaidh an reachtaíocht seo an príobháideachas a chosaint?
Agus mí-úsáid ghnéasach leanaí á brath, cloífear go dlúth leis na rialacha cosanta sonraí atá ann cheana agus na rialacha maidir le príobháideachas cumarsáide. Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá coimircí mar chuid den reachtaíocht atá beartaithe, i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Bunaítear leis an togra nua go bhfuil na sonraí a phróiseáiltear chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath teoranta don mhéid is gá agus dó sin amháin. I bprionsabal, scriostar iad láithreach agus go deo, ach amháin má tá géarghá leo chun na gcríoch a liostaítear sa Rialachán.
Áirítear sa Rialachán cosaintí chun a chinntiú nach n-úsáidfear na córais bhraite ach amháin chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú, agus chun trédhearcacht agus sásamh breithiúnach a chinntiú. Tá lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac ar cheann de na príomhchosaintí lena gcinnteofar trédhearcacht an phróisis braite agus lena n-éascófar rochtain ar an teicneolaíocht bhraite is lú a chuireann isteach ar an bpríobháideachas.
Ar deireadh, trí chosc a chur ar scaipeadh ábhair a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí, féachtar le príobháideachas na n-íospartach a chosaint agus deireadh a chur le foinsí a chruthaíonn tráma leanúnach dóibh.
Which technologies will be used to detect child sexual abuse?
The companies that receive a detection order by a court will be required to use state-of-the-art technologies that are the least privacy-intrusive, limiting the error rate of false positives to the maximum extent possible.
Technologies that can ensure effective detection without substantially undermining the privacy of electronic communication exist. As there are 3 types of child sexual abuse material to be detected, we will list examples down below for: known material, new material, grooming.
- Detection of known child sexual abuse material relies on Photo DNA technology.
Photo DNA technology consists of converting a previously flagged image into a unique (and non-recoverable) identifier. This process is built on the similar concept of digital fingerprinting as originally developed for application in the detection of malware and copyrighted content. - Detection of new child sexual abuse and grooming relies on artificial intelligence classifiers.
These classifiers are trained on databases of known child sexual abuse material and confirmed grooming conversations and develop the capacity to identify analogous images, videos or conversations. Artificial intelligence classifiers are set to detect material that corresponds to new child sexual abuse material or grooming with a predetermined rate of likelihood. Therefore, it is perfectly possible to instruct them to only detect material that has an extremely high chance of being CSA. - The flagging of potential grooming conversations would occur based on artificial intelligence classifiers trained on confirmed grooming.
Grooming detection exists already and has proven reliable. Grooming detection will be subject to strict performance safeguards in particular in terms of the accuracy rate. Technologies are currently at the basis of content moderation and are already widely used, for example on gaming sites, where adult offenders often target children.
All reports sent by service providers would be reviewed at the level of the EU Centre, so that providers are given feedback on inaccurate detection and can further refine their detection tools.
Cén ról atá ag lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac?
Oibreoidh lárionad an Aontais le cuideachtaí agus le forfheidhmiú an dlí chun cabhrú leo faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú, trí mhaoirseacht, trédhearcacht agus cuntasacht a chur ar fáil. Tacóidh an lárionad leo seo a leanas:
- cuideachtaí trí bhunachar sonraí táscairí a chur ar fáil dóibh chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath
- forfheidhmiú an dlí ionas gur féidir leo gníomhú ar thuairiscí agus leanaí a shábháil
- tíortha an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus cabhrú le híospartaigh
Oibreoidh an lárionad go dlúth freisin le comhpháirtithe lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear lárionaid den chineál céanna sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus san Astráil.
Foghlaim tuilleadh faoi lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac.
Cén difear atá idir an reachtaíocht seo agus an Treoir maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac?
Is é is aidhm don Treoir reachtaíocht choiriúil na mBallstát a chomhchuibhiú, agus beidh an Rialachán atá beartaithe infheidhme go díreach agus saineofar leis freagrachtaí na soláthraithe seirbhíse digití. I ndáil leis sin, níl aon fhorluí idir an dá ionstraim.
Tacaíonn an togra nua le cur chun feidhme na mbeart coisc agus tacaíochta a áirítear sa Treoir. Tá sé sin ar cheann de na príomhróil a bheidh ag lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac.
Foghlaim tuilleadh faoi lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac.
Cé na bearta coisc atá á ndéanamh?
Oibreoidh an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach chun comhar agus malartú dea-chleachtas a mhéadú faoi líonra coisc na gcleachtóirí agus na dtaighdeoirí. Beidh ról lárnach ag lárionad an Aontais um mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac maidir le dlús a chur leis na hiarrachtaí coisc. Comhoibreoidh an lárionad leis an líonra coisc ach gníomhóidh sé freisin mar chomhpháirtí le haghaidh ionaid eile den chineál céanna ar fud an domhain.
Táimid ag obair freisin chun feabhas a chur ar chosaint leanaí ar mhí-úsáid ghnéasach ar fud an domhain trí chomhoibriú leis an gComhaontas Domhanda WeProtect.
Ina theannta sin, leanfaimid de bheith ag maoiniú tionscnaimh a chuireann feabhas ar an gcosc.
In éineacht leis an togra reachtach, glacfaidh an Coimisiún straitéis athnuaite maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí chun tacaíocht bhreise a thabhairt do leanaí agus chun iad a chosaint ar líne.
Leis an reachtaíocht seo an ndéanfar an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a dhúbláil?
Má ghlactar é, tá sé mar aidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha bonnlíne chomhchuibhithe a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar gach ábhar neamhdhleathach i gcoitinne. Mar gheall ar a nádúr ginearálta agus cothrománach áfach, ní thugann sé aghaidh ach i bpáirt ar shaincheist na mí-úsáide gnéasaí leanaí. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus ar ábhar neamhdhleathach ar líne ar bhealach frithghníomhach, ar bhonn cás ar chás. Tá gá le cur chuige níos córasaí agus níos spriocdhírithe chun cosc a chur ar scaipeadh ábhair aitheanta a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí.
Cén fáth nach féidir an tuairisciú ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí a dhéanamh ar bhonn deonach a thuilleadh?
Is léir nach n-oibríonn an cur chuige deonach. Tá cuideachta amháin ann a dhéanann 95% de na tuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar fud an domhain, agus is ó chúig chuideachta a thagann 99% de na tuarascálacha go léir. Idir an dá linn, tá níos mó ná 1600 cuideachta cláraithe i Lárionad Náisiúnta na Stát Aontaithe um Leanaí Dúshaothraithe agus ar Iarraidh (NCMEC) ann féin amháin.
Tá sé d’aidhm ag an mbrath éigeantach feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, ní hamháin san Aontas Eorpach ach ar fud an domhain freisin. Tugann sé deis freisin an t-íosmhéid faisnéise a chinneadh is gá a chur san áireamh i dtuarascálacha, ionas go mbeifear in ann gníomhú ina leith faoi fhorfheidhmiú an dlí. D’fhéadfadh sé sin feabhas a chur ar na caighdeáin tuairiscithe ar fud an domhain.